Beartas Príobháideachais
Conas a bhailítear, a úsáidtear agus a chosnaítear do chuid sonraí pearsanta
1. Fís ABAIR
Déanann ABAIR teicneolaíochtaí urlabhra ar nós téacs-go-caint, aithint cainte, ardáin oideachasúla agus feidhmchláir rochtana a fhorbairt don Ghaeilge. Tá na háiseanna ar fáil saor in aisce do lucht labhartha na Gaeilge, foghlaimeoirí agus an pobal i gcoitinne.
Ní chuireann muid na sonraí a roinneann tú linn a phríobháidiú ná luach airgid a chur orthu.
2. An Gá Clárú?
- Ní gá duit clárú le húsáid a bhaint as ABAIR.
- Is féidir úsáid a bhaint as roinnt Seirbhísí gan cuntas a chrúthú.
- Má shocraíonn tú clárú linn, is féidir scrios do chuntais agus do chuid sonraí pearsanta a iarraidh orainn ag am ar bith.
3. Na Sonraí a Bhailíonn Muid
a. Na Sonraí a Sholáthraíonn Tusa
- Sonraí teagmhála (m.sh. seoladh ríomhphoist, má dhéanann tú clárú nó teagmháil a dhéanamh linn)
- Taifeadtaí ar do ghuth, má bhaineann tú úsáid as ár gcóras aitheanta cainte nó má roineann tú do ghuth linn ar mhaithe le taighde. Sna taifeadtaí seo tá na focail a deir tú, do thuin agus do chuid fuaimnithe san áireamh.
- Sonraí déimeagrafach agus teanga teoranta, ar nós:
- Aois ghrúpa
- Inscne
- Canúint / Cúlra teanga
- Gaol leis an Ghaeilge
Tábhachtach: Molaimid go láidir gan sonraí pearsanta (ar nós ainmneacha, seoltaí, nó sonraí faoi rún) a chur san áireamh nuair atá tú i mbun taifeadta.
b. Sonraí a Bhailítear go hUathoibríoch
- Sonraí teicniúla ar nós seoltaí IP agus an cineál gléas agus cineál brabhsálaí atá in úsáid.
- Sonraí úsáide mar na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu agus na feidhmeanna ar baineadh úsáid as.
- Fianáin (amharc ar Mír a 8)
4. Conas a Bhaineann Muid Úsáid as do chuid Sonraí
Baineann muid úsáid as na sonraí a bhailíonn muid le:
- na Seirbhísí a chur ar fáil (sintéis cainte, aithint cainte, áiseanna oideachasúla)
- Feabhas a chur ar theicneolaíochtaí urlabhra na Gaeilge agus áiseanna foghlama teanga.
- Múnlaí urlabhra a chur faoi oiliúint agus a bheachtú ag baint úsáide as taifeadtaí gutha agus sonraí déimeagrafacha anaithnidithe.
- Dhul faoi thaighde acadúil agus teangeolaíochta.
- Tacair sonraí anaithnidithe nó ar rinneadh anaithnidiú sealadach orthu a roinnt leis an phobal taighde i gcoitinne.
- Tacaíocht d'úsáideoirí agus slándáil an chórais a chothú.
5. Bonn Dlíthiúil do Phróiseáil
Déanann muid do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS):
- Toiliú (Airteagal 6(1)(a)) — m.sh., má chláraíonn tú linn nó má dhéanann tú taifeadtaí.
- Leas an phobail (Airteagal 6(1)(e)) — taighde dírithe ar fheasacht teangeolaíochta na Gaeilge a fheabhsú.
- Leasanna dlisteanacha (Airteagal 6(1)(f)) — feidhmiúlacht, slándáil agus feabhas leanúnach á chinntiú.
6. Stóráil agus Coinneáil Sonraí
- Stóráiltear sonraí go slán ar fhreastalaithe i gColáiste na Tríonóide agus sa néal, laistigh den AO nó de thíortha a luíonn leis an RGCS.
- Déanfar anaithnidiú ar thaifeadtaí ar ghuthanna agus na sonraí déimeagrafacha a bhaineann leo, agus d'fhéadfaí úsáid éiginnte a bhaint astu ar mhaithe le taighde agus oiliúint mhúnlaí. Cinntíonn an stóráil fadtéarmach seo go mbeidh taighdeoirí na glúine amach romhainn ábalta leanúint orthu ag baint leasa as na sonraí seo.
- Is féidir scrios do chuntais agus do chuid faisnéise inaitheanta pearsanta a iarraidh orainn ag am ar bith (Amharc ar Mír a 10)
Nóta: Uair amháin atá anaithnidiú déanta ar shonraí, níl siad nasctha leat a thuilleadh agus mar sin ní féidir iad a lorg agus a scriosadh.
7. Roinnt Sonraí
D'fhéadfadh muid:
- Taifeadtaí gutha a ndearnadh anaithnidiú nó anaithnidiú sealadach orthu agus eolas teangeolaíochta a roinnt le comhoibrithe taighde ar mhaithe le oiliúint mhúnlaí agus dul chun cinn teicneolaíocht urlabhra na Gaeilge.
- Eolas a roinnt le soláthraithe seirbhísí a thacann le oibriúcháin ostálacha agus teicniúla.
- Sonraí a roinnt le húdaráis dlíthiúla más gá dó de réir na dlíthe de.
Ní dhéanann muid choíche do chuid sonraí a dhíol.
8. Fianáin agus Rianú
Féadfaí úsáid a bhaint as fianáin chun:
- Cumasú d'fheidhmiúlacht (m.sh., cuimhneamh ar do rogha guth/canúint)
- Anáilís a dhéanamh ar úsáid an tsuímh chun feabhas a chur ar ár Seirbhísí.
Is féidir leat díchumasú a dhéanamh ar fhianáin i do bhrabhsálaí, ach tá baol ann nach bhfeidhmeoidh gach rud mar is ceart dá dheasca.
9. Buntáistí agus Baoil
Buntáistí
- Cuirfidh tú le caomhnú agus le forbairt na Gaeilge.
- Beidh fáil agat ar theicneolaíochtaí urlabhra agus áiseanna oideachais nuálacha.
Baoil
Is beag baol atá i gceist.
Ní ábhar íogair iad na taifeadtaí nó na sonraí déimeagrafacha, ach molaimid go láidir gan sonraí pearsanta a lua nuair atá tú i mbun taifeadta.
10. Do Chearta
Tá sé mar cheart agat:
- Fáil a bheith agat ar do chuid sonraí pearsanta.
- Cóip de do chuid sonraí pearsanta a iarraidh.
- Ceartúchán ar shonraí míchruinn a iarraidh.
- Scrios do chuid sonraí pearsanta a iarraidh.
- Cur in éadan nó srian a chur leis na sonraí pearsanta a dhéantar próiseáil orthu.
- Tarraingt siar ar do thoiliú ag am ar bith (gan cur isteach ar aon rud a úsáideadh go dleathach roimhe seo).
Baineann na cearta seo le do chuid sonraí inaitheanta pearsanta. Más rud é gur rinneadh anaithnidiú ar do chuid sonraí, ní bheidh siad nasctha leat agus ní féidir iad a lorg agus a scriosadh.
11. Rúndacht agus Taighde
- Ní roinntear sonraí inaitheanta pearsanta (m.sh., seoladh ríomhphoist) le héinne lasmuigh de Choláiste na Tríonóide riamh.
- D'fhéadfaí sonraí a úsáid chun críoche foilseachán acadúla, comhdhálacha, nó aschuir taighde, ach cinnteofar go mbeidh do chuid sonraí inaitheanta pearsanta faoi rún go docht.
12. Slándáil
Tá beartas teicniciúil agus eagraíochta á chur i bhfeidhm againn chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Sin ráite, níl aon chóras go hiomlán slán, agus de bhrí sin ní féidir linn slándáil dearbh a chinntiú.
13. Ceisteanna agus Gearáin
Má tá aon cheist nó buaireamh agat ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn:
Príomhthaighdeoir (An Togra ABAIR)
[email protected]Oifigeach Cosanta Sonraí Choláiste na Tríonóide
An tOifigeach Cosanta Sonraí, Oifig an Rúnaí
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2, Éire
Más ann do aon rud nach shásann tú, is féidir é a chur faoi bhráid:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28, Éire
www.dataprotection.ie14. Athruithe leis an Bheartas seo
D'fhéadfaí go ndéanfaidh muid athruithe leis an Bheartas Príobhaideachas seo ó am go ham. Déanfar na leasaithe seo a phostáil i dteannta lena ndáta feidhmeach úr.
Nuashonraithe go deireanach: 25ú Meán Fómhair, 2025





