Téigh díreach chuig an bpríomhábhar
Lógó ABAIR
Páiste ag baint úsáide as Geabaire ar tháibléad

Geabaire

Córas AAC bunaithe ar shiombailí don Ghaeilge.

Geabaire ag feidhmiú ar tháibléad, ag tógáil na teachtaireachta 'dia duit tá mé anseo' trasna cláir nasctha agus á léamh siar sa bharra abairte

Geabaire: Cumarsáid agus Rannpháirtíocht trí Ghaeilge

Is é Geabaire an chéad chóras seasmhach don chumarsáid bhreisitheach agus mhalartach (AAC), bunaithe ar shiombailí, atá deartha go sonrach don Ghaeilge. Tugann sé rochtain d'úsáideoirí AAC ar bheagnach 7,000 focal. Clúdaíonn sé cláir nasctha a bhfuil téamaí éagsúla iontu. Cuireann sé seo ar chumas úsáideoirí siombailí, focail agus litreacha a chomhcheangal chun teachtaireachtaí a chumadh atá ag dul le struchtúr na Gaeilge. Is féidir le húsáideoirí ansin guthanna sintéiseacha ABAIR a úsáid chun na teachtaireachtaí a rá amach os ard.

D'eascair Geabaire as riachtanas a aithníodh san oideachas lán-Ghaeilge. Sa réimse seo ní raibh teacht ag páistí, a raibh gá acu le AAC, ar chóras cumarsáide seasmhach, iontaofa a bhí deartha go sonrach don Ghaeilge. Tacaíonn Geabaire le raon leathan cumarsáide. Is féidir le húsáideoirí AAC ceisteanna a chur, tuairimí agus mothúcháin a chur in iúl, diúltú, scéalta a insint, caidrimh a thógáil, agus teachtaireachtaí úrnua a chumadh. Trí rochtain a sholáthar ar chóras cumarsáide iontaofa Gaeilge, tacaíonn Geabaire le rannpháirtíocht bhríoch san oideachas, sa bhaile agus i measc phobal na Gaeilge i gcoitinne.

Úsáideoir óg Geabaire ag tógáil teachtaireachta ar tháibléad in éineacht le ball teaghlaigh atá níos sine

Tá Geabaire ag teacht chuig iPad agus Android

Cláraigh lenár liosta teagmhála agus seolfaimid rphost chugat nuair a bheidh an aip ar fáil ón App Store agus ó Google Play

Is féidir díchlárú aon uair is mian leat ag úsáid an naisc ag bun ár rphoist.

Teagmháil agus aiseolas

Más mian leat fadhbanna teicniúla, aiseolas, moltaí foclóireachta nó eile a chur in iúl, nó go deimhin a bheith mar chuid den lucht tástála, tar i dteagmháil linn trí leathanach teagmhála ABAIR.

Déan teagmháil linn
DCHG
S20
Crannchur Náisiúnta
COGG
Trinity College Dublin