
AAC d'úsáideoirí agus do theaghlaigh
Ag tosú amach
Bíonn neart brú ann agus tús á chur le húsáid chórais nua AAC; bíonn go leor le foghlaim ag an teaghlach. Ní mór dul i dtaithí ar an ngléas agus a leagan amach sula ndéantar eiseamláiriú leis an bpáiste. Ní mór a bheith cinnte faoin áit ina bhfuil na cnaipí is minice a úsáidtear agus conas dul i mbun cuardaigh. A luaithe is a bhíonn an fheidhm chuardaigh agus cuid de na cláir is mó úsáide ar do thoil agat (rudaí cosúil le 'bia', 'bréagáin' agus 'éadaí' a luaitear go minic) is é an rud is fearr le déanamh ná tumadh isteach ann go díreach! Cé gur mhaith linn a bheith in ann eiseamláiriú a dhéanamh go muiníneach, d'fhéadfadh féincheartúchán agus póirseáil thart a bheith luachmhar ann féin.
Déan iarracht gan strus a chur ort féin. Bheadh sé an-deacair eiseamlárú ar an AAC a dhéanamh an t-am ar fad le gach gníomhaíocht ag an tús - d'fhágfadh sé tuirseach traochta tú. Tosaíonn gach aistear le céimeanna beaga agus is leor gníomhaíocht amháin in aghaidh an lae a roghnú ag an tús. D'fhéadfá tosú agus sibh ag spraoi le bréagáin nó ag dul a luí san oíche, mar shampla. De réir mar a théann tú i dtaithí air, cuir gníomhaíocht bhreise leis de réir a chéile go dtí sa deireadh beidh sé in úsáid agat formhór an lae.
Ní gá Gaeilge snasta a bheith agat chun Geabaire a úsáid sa bhaile. Léiríonn an taighde gur féidir le páiste le dúshláin mhóra chumarsáide a bheith dátheangach, agus nach gcuirtear isteach ar a scileanna teanga nuair a bhíonn níos mó ná teanga amháin ina dtimpeallacht. Ná bíodh aon leisce ort Gaeilge agus Béarla a úsáid más é sin is fearr a oireann duit. Más ag ithe dinnéir atá tú, is féidir an clár 'bia' a oscailt agus rud éigin mar seo a rá: "Féach a bhfuil ar do phláta! Sicín, prátaí, agus brocailí," agus bain úsáid as an uirlis chun eiseamlárú a dhéanamh ar shicín, ar phráta agus ar bhrocailí. D'fhéadfá an bia a ainmniú as Gaeilge agus as Béarla chomh maith.
Eiseamláiriú sa bhaile
Soláthraítear modhanna éagsúla ar féidir an t-eiseamláiriú a thabhairt isteach ar bhonn laethúil sa bhaile sa tábla thíos. Ní gá duit na moltaí thíos a leanúint díreach mar atá siad scríofa; is foinse spreagtha iad. Cuir leis an ngníomhaíocht nó simpligh an ghníomhaíocht de réir riachtanas an pháiste. Dírigh ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar shainspéis an pháiste, agus a bhfuil beagán brú i gceist, nó ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar ghnáthamh cosúil le: am luí, am dinnéir, am lóin, nó ullmhú le dul chun na scoile. Déan iarracht eiseamláiriú a thabhairt isteach go laethúil, de réir imeacht aimsire.
Fiú mura bhfuil mórán Gaeilge agat, is féidir leat Geabaire a úsáid chun eiseamláiriú a dhéanamh. Cuir tús leis an eiseamláiriú le hábhar bunúsach. Má tá an leabhar Dónall an Chlúimh agus An-Ocras Air!, mar shampla, is féidir leat é a léamh agus eiseamláiriú ar na dathanna agus ar an mbia.
Tá cothú caidrimh i bhfad níos tábhachtaí ná úsáid an ghléis. Tá sé tábhachtach go n-úsáideann páiste AAC agus go mbíonn eiseamláriú ag tarlú sa bhaile, ach tá sé ríthábhachtach caidreamh daingean a chothú le do pháiste. Má tá an gléas ag cur isteach ar an gcothú, cuir am ar leataobh chun an gléas a úsáid in aghaidh an lae - b’fhéidir le linn am dinnéir nó am súgartha - ach ná lig dó cuir isteach ná amach ar an gcaidreamh idir tusa agus do pháiste.

| Feidhm chumarsáide | Samplaí |
|---|---|
| Rogha rud a lorg |
|
| Duine eile a stiúradh |
|
| Cabhair a lorg |
|
| Tráchtaireacht |
|
| Gnáthaimh |
|
Rochtain ar chóras AAC sa bhaile
Tá sé ríthábhachtach go mbíonn rochtain ag páiste ar an ngléas AAC chomh minic agus is féidir leo sa bhaile, mar aon leis an scoil. Déan iarracht cinntiú go mbíonn cumhacht sa ghléas, agus é a úsáid do chúrsaí cumarsáide amháin - ní don tsiamsaíocht
Ní féidir an gléas a bhaint de lámha an pháiste, fiú má tá siad ag úsáid an ghléis, mar shampla, chun aithris a dhéanamh ar an bhfocal céanna arís agus arís eile, nó cnaipí fánacha a bhrú. Ní mór duit iad a stiúradh i dtreo úsáide cuí, agus lig dóibh an gléas a choinneáil. Is minic go mbíonn plobaireacht ar bun acu agus iad ag brú an chnaipe chéanna nó cnaipí fánacha. Is modh foghlama é seo do pháiste chun teacht ar shuíomh na gcnaipí.
Úsáid AAC i suíomhanna éagsúla
Nuair a bheas tú ar do chompord leis an gcóras AAC agus á úsáid sa bhaile go minic i rith an lae, is fiú an córas a úsáid lasmuigh den bhaile freisin. Tá moltaí thíos le tacú leat, agus beidh tú in ann iad a chur in oiriúint do do theaghlach féin, agus tú ag obair i dtreo an córas AAC a úsáid go leanúnach le linn an lae.
Is féidir tús a chur leis seo sa pháirc shúgartha, a fhad is go bhfuil clúdach láidir ar an ngléas, agus eiseamláiriú a dhéanamh ar rudaí éagsúla. Is féidir eiseamláiriú a dhéanamh ar an bhfocal "dreap" agus a rá ó bhéal, "Dreap an dréimire!", agus eiseamláiriú a dhéanamh ar "síos" agus a rá ó bhéal, "Téigh síos an sleamhnán!" Is féidir Geabaire a úsáid i nGaeilge agus Béarla a úsáid ó bhéal. Leis an ngíomhaíocht seo, feictear don pháiste úsáid AAC lasmuigh den scoill agus den bhaile, agus cuirfear an tuismitheoir chun suaimhnis AAC a úsáid i suíomhanna sóisialta.
Is féidir leat an gléas a thabhairt libh chuig an siopa, agus eiseamláiriú a dhéanamh ar na hearraí atá ar an liosta siopadóireachta, agus iarr ar an bpáiste céard a bheidh uathu as an siopa. Tugtar an deis dóibh iarratais a chur in iúl le húsáid an ghléis, agus breathnú ort ag úsáid an ghléis.
Maidir le suíomh sóisialta, is féidir tús a chur le húsáid AAC le cara maith an pháiste. Léiríttear do chairde an pháiste céard a bhaineann le AAC, an chaoi a n-úsáidtear é, agus an tábhacht a bhaineann leis. Léireoidh na páistí suim sa scáileán, agus mar sin de, tá sé tábhachtach go dtuigtear gur modh cumarsáide atá ann, seachas bréagán. Déan cur síos ar an ngléas ar bhealach a oireann an suíomh, mar shampla:
"Uaireanta, bíonn deacrachtaí ag [ainm an pháiste] teacht ar fhocail, agus úsáideann siad an iPad chun caint linn. Gléas AAC atá ann. Úsáideann siad é díreach chun caint linn, agus tá sé tábhachtach go mbíonn sé ar fáil dóibh i gcónaí. Ní úsáideann siad é le cluichí a imirt ná físeáin a sheinm. Nuair a úsáideann siad é, éistimid leo díreach ar an gcaoi chéanna a n-éistimid le duine ar bith eile atá ag caint. Taitníonn an luascán go mór leo; ar mhaith leat dul ar an luascán leo?"
Agus tú ag labhairt le daoine fásta, is féidir leat tuilleadh eolais ar an ngléas a thabhairt dóibh, ar an gcaoi a n-úsáidtear é, agus ar a thábhachtach is atá sé go mbíonn an gléas in aice láimhe dóibh. Ní gá duit ceacht iomlán a thabhairt do dhaoine fásta ar AAC, ach is féidir plé neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar chumarsáid do pháiste agus an tacaíocht a chuireann tú ar fáil dóibh. Má tá ball teaghlaigh nó cara agat a fheiceann sibh go rialta, cuir fáilte rompu eiseamláiriú a dhéanamh ar ghléas an pháiste, más mian leo.
De réir mar a théann tusa agus do pháiste i dtaithí ar an ngléas, is fiú cumarsáid a dhéanamh le daoine agus sibh amuigh sa phobal. Is féidir, mar shampla, meascán de chumarsáid ó bhéal agus ón ngléas a úsáid chun cabhair a lorg ón bhfreastalaí siopa. De réir mar a théann do pháiste i dtaithí ar an ngléas, is féidir leat iad a spreagadh chun an gléas a úsáid in áiteanna eile chomh maith, cosúil leis an leabharlann. Seans go mbeidh sé seo rud beag aisteach daoibh ar dtús, ach tá sé tábhachtach do pháiste a spreagadh chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus iad ag fás aníos.
Is fiú an gléas a chur in oiriúint do shaol do pháiste féin. Is féidir a chinntiú go bhfuil topaicí a úsáideann siad go rialta ar fáil dóibh, chomh maith le hainmneacha ball teaghlaigh, cairde agus logainmneacha.
Beidh am ag teastáil uait féin agus ó do pháiste chun dul i dtaithí ar úsáid AAC agus sibh amuigh sa phobal. Cé go mbeidh sé rud beag aisteach ag an tús, níor cheart go mbeadh sé strusmhar duitse nó do do pháiste. Má bhíonn sé strusmhar, tá sé go breá sos a ghlacadh agus triail a bhaint as uair eile. Bainfidh sé tamall oraibh taithí a fháil ar an gcóras AAC a úsáid sa phobal, ach tiocfaidh sé le himeacht aimsire.




