
Cé atá páirteach?
Is é ABAIR an bhunsraith ar a bhfuil Geabaire tógtha. Is tionscadal teicneolaíocht urlabhra agus teanga é ABAIR atá lonnaithe sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Eascraíonn cuid mhór den taighde taobh thiar den tionscadal seo maraon leis na guthanna sintéiseacha, na samhlacha teanga, cúrsaí infreastruchtúir agus eile ó ABAIR. Tá gach duine i lárfhoireann ABAIR tar éis cur le Geabaire, go díreach nó go hindíreach.
Is tionscadal idirdhisciplíneach é Geabaire le foireann ildánach. I measc na ndiscipliní, tá teiripe urlabhra agus teanga, ríomheolaíocht, teangeolaíocht, leánn an aistriúcháin, oideachas, leabharlannaíocht agus thar aon ní eile, taithí tuismitheoireachta. Ní fhéadfaí é seo a chur i dtoll a chéile gan Julie a bheith ann mar thuismitheoir agus mar thaighdeoir. Obair pháirtaimseartha sa bhreis ar a gcuid staidéir agus daoine eile le sainspéis sa réimse a bhronn cabhair orainn go fial agus go deonach a thug chomh fada leis seo sinn.
Príomhthaighdeoirí
Forbairt an tionscadail

Julia Cummins
Mac Léinn PhD, ceannaire tionscadail

Liam Malone
Mac Léinn i mbliain na céime, Ríomheolaíocht, Teangeolaíocht agus Teanga (CSLL), forbróir bogearraí

Ainsley Ellis
Mac Léinn MPhil sa Teangeolaíocht, forbróir bogearraí

Caoimhe Ní Bhradáin
Mac léinn i mbliain na céime, Léann an Aistriúcháin agus Spáinnis, Ollscoil na Gaillimhe
Buíochas leo seo a leanas, go háirithe Rían Errity, a chabhraigh an tionscadal a thabhairt go dtí an staid ina bhfuil sé inniu.

Rían Errity
Forbróir bogearraí

Fionn Camacho Lenihan
Forbróir bogearraí

Oisín Morrin
Forbróir bogearraí
Eniola Olumeyan
Forbróir bogearraí
Sainchomhairleoirí

Johanna Salisbury-Ferguson
Teiripeoir Urlabhra agus Teanga Comhairleach

Saoirse Tilton
Úsáideoir AAC
Buíochas
Is í Johanna Salisbury-Ferguson, Teiripeoir Urlabhra agus Teanga, a scríobh formhór na dtreoracha agus an ábhair atá ar an suíomh gréasáin seo, le dlúthchomhoibriú ó fhoireann Geabaire.
Ba mhian linn ár mbuíochas a ghabháil le Saoirse Tilton as an gcabhair agus as an tacaíocht agus Geabaire á fhorbairt.
Gabhaimid ár mbuíochas leis na muinteoirí, teiripeoirí urlabhra agus teanga, tuismitheoirí, agus úsáideoirí AAC atá mar chuid dár ngrúpa measúnaithe leanúnaigh. Cuireann a n-aiseolas, a dtaithí, agus a léargas go mór le forbairt an chórais.
Maoiniú agus Tacaíocht
Ó thús saol an tionscadail seo, thug an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) maoiniú agus tacaíocht do Geabaire. Tá tionscadal ABAIR i gColáiste na Tríonóide mar bhunchloch agus mar thaca ag Geabaire.
Tabhairt cuairt ar cogg.ieTá saineolas agus infreastruchtúr fhoireann ABAIR, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar bhunús ag Geabaire.
Tá ABAIR maoinithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Polasaithe agus Reachtaíocht
Tacaíonn Geabaire le tiomantais náisiúnta i leith teicneolaíocht na Gaeilge, seirbhísí poiblí dátheangacha agus seirbhísí digiteacha inrochtana. I measc na gcreat ábhartha tá:
- Plean Digiteach don Ghaeilge: Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga 2023-2027Treochlár an Stáit do theicneolaíocht urlabhra agus teanga na Gaeilge, idir taighde agus uirlisí gur féidir le daoine a úsáid.gov.ie (PDF)
- Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030Leagtar amach ann conas a mhéadóidh comhlachtaí poiblí líon agus cáilíocht na seirbhísí Gaeilge a chuireann siad ar fáil.gov.ie
- Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003Tugann sé an ceart do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát, agus cuireann sé dualgais ar chomhlachtaí poiblí soláthar a dhéanamh dó sin.irishstatutebook.ie
- Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021Neartaíonn sé na dualgais agus leagann sé sprioc síos go mbeidh 20% d'earcaigh na seirbhíse poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.irishstatutebook.ie
- An tAcht um Míchumas 2005Cuireann sé iallach ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.irishstatutebook.ie
- An tAcht um Inrochtaineacht EorpachCeanglais inrochtaineachta an AE do tháirgí agus do sheirbhísí, lena n-áirítear bogearraí, i bhfeidhm ó mhí an Mheithimh 2025.eur-lex.europa.eu
- Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi MhíchumasGo háirithe Airteagail 2, 21 agus 24, a chlúdaíonn cumarsáid, saoirse cainte agus cearta oideachais.un.org
Siombail agus íomhanna
Úsáideann Geabaire siombailí picteagracha agus íomhánna ó roinnt foinsí le ceadúnais oscailte.
ARASAAC
Úsáideadh íomhánna de chuid Sergio Palao i gcóras Geabaire. Dearadh na híomhánna ar son ARASAAC, agus is le Rialtas Aragón (An Spáinn) na híomhánna seo. Is a bhuíochas le ceadúnais Creative Commons BY-NC-SA atá siad á gcur ar fáil anseo.
Íomhánna Mulberry
Baineann Geabaire úsáid as íomhánna Mulberry freisin. Is é Garry Paxton a dhear na híomhánna i dtosach, agus de bharr chúrsaí cóipchirt, is le Steve Lee na híomhánna anois. Tá Íomhánna Mulberry faoi chóipcheart © 2018–2026 Steve Lee agus faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-ShareAlike 2.0 UK: England & Wales Licence (CC BY-SA 2.0 UK).
Leabharlann Grianghraf AAC
Tagann na grianghraif de dhaoine agus iad ag úsáid AAC atá ar na leathanaigh seo ó Leabharlann Grianghraf AAC, bailiúchán faoi cheadúnas oscailte a d'fhoilsigh OpenAAC. Luaitear an grianghrafadóir agus an ceadúnas le gach grianghraf san áit a dtaispeántar é.
Oirúnú íomhánna
Cuireadh cúpla íomhá agus lipéad in oiriúint chun freastal ar chóras AAC lán-Ghaeilge. Cruthaíodh lipéid sa bhreis freisin. Tugadh faoi na hathruithe seo de réir rialacha na gceadúnas.
Foinsí eile
Cuireadh dornán íomhánna ó fhoinsí eile, atá mar chuid de cheadúnais phoiblí agus Creative Commons, le Geabaire. Úsáideadh na híomhánna seo de réir rialacha a gceadúnais.









