Léim go dtí an príomhábhar
Lógó ABAIR
Duine ag úsáid ríomhaire glúine le gléas taispeána Braille inathnuaite ceangailte trí USB

Léitheoir Scáileáin + Braille

Is féidir úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin le téacs ar do ríomhaire a thaispeáint i mBraille. Má tá gléas in-athnuaite Braille agat, is féidir é a nascadh le do ríomhaire agus Braille a léamh in a lán teangacha – Gaeilge agus Béarla san áireamh.

Achoimre

Tá cúpla rogha agat - go léitear an téacs os ard; go léirítear i mBraille amháin é, nó, go dtaispeántar an dá rud ag an am amháin.

Ní gá aon bhogearraí eile a shuiteáil. Tá an bhogearraí Liblouis in aisce mar pháirt de phacáiste NVDA a dheánfaidh téacs a aistriú go Braille agus a mhalairt. Is féidir le NVDA agus Liblouis téacs Gaeilge a thaispeáint i mBraille i nGrád Gaeilge 1 (gan ghiorrúchán) agus i nGrád 2 (giorraithe). Tá eolas faoi Bhraille Gaeilge ar fáil ar shuíomh INBAF.

Treoracha

Ceangail Do Ghléas

  1. 1.

    Cinntigh go bhfuil NVDA ar siúl ar do ríomhaire Windows.

  2. 2.

    Ceangail do ghléas Braille leis an ríomhaire de réir threoracha a sholáthra (de ghnáth, is trí nasc Bluetooth nó cábla USB a dhéantar seo).

Oscail Socruithe NVDA

  1. 3.

    Uair amháin a bheidh an gléas nasctha agat, beidh ort do shocruithe Braille a roghnú in NVDA.

  2. 4.

    Le Roghchlár NVDA a oscailt, brúigh ar an Eochair NVDA agus an Eochair 'N' ag an am amháin.

  3. 5.

    Brúigh ar an saighead síos le dhul chuig Sainroghanna, agus brúigh ar an saighead dheas leis an bhfo-roghchlár Sainroghanna a oscailt.

  4. 6.

    Brúigh ar Socruithe, an chéad mhír ar an roghchlár.

  5. 7.

    Brúigh ar an saighead síos go mbeidh Socruithe Braille bainte amach agat, agus ansin brúigh ar an Eochair Tab le dhul fríd na roghanna uilig do Bhraille.

  6. 8.

    Tá roinnt gléasanna Braille ann ar féidir le NVDA a aimsiú go huathoibríoch.

Roghnaigh Do Chód Braille

  1. 9.

    Munar féidir le NVDA do ghléas a aimsiú go huathoibríoch, is féidir leat do ghléas a nascadh trí chliceáil ar an chnaipe "Athraigh".

  2. 10.

    Má tá méarchlár Braille ar do ghléas agat, is féidir leat an cód Ionchuir Braille a roghnú ón bhosca teaglama a léitear "Tábla Ionchuir".

  3. 11.

    Ón bhosca teaglama "Tábla Aschuir", roghnaigh an cód gur mhaith leat go dtaispeánfar.

Tosaigh ag Léamh

  1. 12.

    Déan do chuid socruithe a shábháil tríd an cnaipe "OK" a bhrú.

An bhfuil tuilleadh cabhrach uait?

Tá tuilleadh eolais ar fáil i Treoirleabhair Úsáideora NVDA. Brúigh ar Eochair NVDA agus an litir n, agus roghnaigh Cabhair ón roghchlár chun an treoirleabhar a thaispeáint. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann ABAIR freisin chun cabhair a fháil.

DCHG
S20
Crannchur Náisiúnta
COGG
Trinity College Dublin